Celeste (DOC)
W
Shared by: welcomegong
Categories
Tags
Feb. 2, Traditional Orchestra, jazz concert, Korean music, Lunar New Year, New York, fusion jazz, Korean Cultural Service, APPLICATION INSTRUCTION, INSTRUCTION BOOKLET, Medical Instrumentation, Clinical Nursing, Medical Biochemistry, Public Health, Medical and Health Sciences, AUSTRALIAN FELLOWSHIP, foundational documents, the organization, Minimal evidence, Cover page, Name Last modified Size Description, Debian GNU/Linux, values and beliefs, education organization, supplementary education,
-
Stats
- views:
- 11
- posted:
- 2/9/2011
- language:
- Irish
- pages:
- 10
Document Sample


Mistéir an
Mary Celeste
Amharc ar chlúdach an leabhair agus léigh an blurba. Cad é do bharúil a tharla
den Mary Celeste?
Déan clár ABC faoi na rudaí atá Ar Eolas agat ón bhlurba nó áit éigin eile agus
na rudaí Ba Mhaith leat a Fhoghlaim . Is féidir an colún Cad é a
d’Fhoghlaim Mé? a líonadh agus an leabhar léite agat.
A B C
Ar eolas agam Ba mhaith liom a Cad e a d’fhoghlaim mé?
fhoghlaim
1
Ag Teacht Uirthi
1. Ainmnigh na daoine a bhí ar bord an Dei Gratia agus na jabanna a bhí acu ar
an long.
2. Cad é mar a bhí a fhios ag Captaen an Dei Gratia nach raibh duine ar bith ar
bord na loinge eile?
3. Cad é an rud tábhachtach a bhí ar iarraidh ar an Mary Celeste, agus an bhfuil
ciall speisialta leis seo?
4. Bhí an Mary Celeste ag tarraingt uisce. Cad é a chiallaíonn sé seo?
5. Bhí comharthaí ar an Mary Celeste go raibh daoine ar bord. Liostaigh na
comharthaí seo.
6. Cad é an t-eolas a d’aimsigh na fir ón Dei Gratia sa logleabhar?
7. Cad é an dá rud a bhí ar iarraidh? Mínigh iad.
8. Cad chuige ar thug fir an Dei Gratia an long leo go Giobráltar?
9. I ndiaidh duit an chéad chaibidil a léamh cad é do bharúil fein a tharla de chriú
an Mary Celeste?
2
An Fiosrúchán
1. Cad é a thosaigh i nGiobráltar ar an 18 Nollaig 1872?
2. Déan cur síos ar an Mary Celeste nuair a cuardaíodh í don éisteacht chúirte.
3. An síleann tusa go raibh ceannairc ann – gur thug mairnéalaigh nó foghlaithe
mara na daoine a bhí ar bord leo nó gur mharaigh siad iad?
4. Cad é do bharúil a tharla idir captaen an Mary Celeste agus captaen an Dei
Gratia? Do bharúil go raibh plean acu nó an comhtharlú a bhí ann?
5. Cad é a socrú a rinne an chúirt sa deireadh? An síleann tú go ndearna siad an
rud ceart?
6. Bhí ailt sna páipéir nuachta ag an am faoi scéal an Mary Celeste. Scríobh d’alt
féin ag úsáid an eolais atá agat go dtí seo.
3
Na Daoine ar Bord
1. Scríobh cur síos gairid ar Benjamin Briggs agus Sarah Briggs.
2. Cad chuige ar thug muintir Briggs a n-iníon leo agus nár thug siad a mac leo?
3. Cá raibh an Mary Celeste ag dul, nó cad é an ceann scríbe a bhí aici?
4. Bhí deichniúr ar bord an Mary Celeste nuair a d’fhág sí Nua-Eabhrac.
Tá pictiúir ar leathanach 13 de cheathrar acu. Déan pictiúir agus cuir
ainmneacha na ndaoine eile leo.
Na Leideanna
1. Léigh an liosta de na leideanna a bhí ar an Mary Celeste. Cad é do bharúil a
tharla anois agus na leideanna sin ar eolas agat?
4
Na Teoiricí
Ar thug tú faoi deara go raibh na focail NA FÍRICÍ ar na leathanaigh roimhe seo?
Táimid ag caint ar NA TEOIRICÍ anois.
Cad é an difear a léiríonn an dá fhocal seo?
An Cheannairc
1. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
2. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
3. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
An Cuaifeach Uisce
1. Cad é an rud é cuaifeach uisce? Mínigh i d’fhocail féin é.
2. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
4. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
5. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
5
An Nathair Mhara
1. Do bharúil an bhfuil nathracha mara ann?
2. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
3. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
4. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary Celeste?
Na Foghlaithe Mara
1. Cad é an t-eolas atá agat ar fhoghlaithe mara sna laethanta seo?
2. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
3. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
4. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
6
An Poll
1. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
2. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
3. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
An Scéim
1. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
2. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
3. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
An tAlcól
1. Mínigh an teoiric seo i d’fhocail féin.
2. An bhfuil lochtanna ar bith ar an teoiric seo?
3. An gcreideann tú go cinnte gur seo an rud a tharla de chriú an Mary
Celeste?
7
An Marie Celeste
Tá cur síos anseo ar scéal a scríobh Arthur Conan Doyle. Faigh níos mó eolais ar Arthur
Conan Doyle agus scríobh alt faoi.
Tuilleadh Scéalta
Roghnaigh ceann de na scéalta seo agus scríobh leagan s’agat fein dó.
Tuilleadh Teoiricí
Tá rogha le déanamh agat ar na teoiricí seo; An Dialann Rúnda, Long Eile agus An
Mileoidean
Roghnaigh an teoiric is fearr leat agus freagair na ceisteanna a leanas faoi.
1. Scríobh do rogha teoiric mar alt nuachtáin. Cuir pictiúir leis agus tuairiscí a dúirt
daoine agus iad faoi agallamh agat.
2. Cad é do bharúil den teoiric seo? An dtiocfadh leis a bheith fíor?
8
An Raibh a Fhios Agat?
Léigh an sliocht ar leathanach 46.
Bhí cuid mhór scéalta a chuaigh thart san am a bhain leis an Mary Celeste agus an
criú caillte. Aimsigh níos mó eolais duit féin ar an idirlíon nó i gciclipéid.
Déan dhá liosta – Fíricí agus Teoiricí agus scríobh an t-eolas atá agat ar na liostaí
seo. Cad é do bharúil féin a bhí fíor agus bréagach. Ná déan dearmad go gcaithfidh
fianaise a bheith ann le go mbeidh rud fíor.
Fíric Teoiric Fianaise
9
1. Scéal brónach agus mistéireach é seo scéal an Mary Celeste.
Aimsigh eolas ar long eile a raibh deireadh tubaisteach léi. Agus scríobh alt
eolais uirthi.
2. Aimsigh eolas ar an ‘Bermuda Triangle’. An bhfuil cosúlachtaí ann idir an dá
scéal?
3. Roghnaigh trí fhocal nó fhrása ón ghluais agus scríobh fúthu i d’fhocail féin.
4. Roghnaigh trí thagairt ón innéacs agus aimsigh an t-eolas sa leabhar.
5. Déan tionscadal gairid ar an Mary Celeste nó ar mhistéir eile farraige.
10
Related docs
Get documents about "