GA
GA GA
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil 29.9.2010
COIM(2010) 494 leagan deireanach
2010/0257 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú
SEC(2010) 1097 final
GA GA
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1. COMHTHÉACS AN TOGRA
D’fhoilsigh an Coimisiún an Teachtaireacht i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite don Aontas
Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2007 - COIM(2007) 575 (‘Páipéar Gorm’). Tugadh
tacaíocht sa Teachtaireacht sin don ghá chun cinnteoireacht chomhtháite, shoiléir agus
chomhleanúnach a fhorbairt agus agus a chur chun feidhme i ndáil leis na haigéin, na farraigí,
na réigiúin cois cósta agus an earnáil mhuirí. Is amhlaidh dá réir a chuirtear cur chuige
tras-earnálach chun cinn don rialachas muirí sa Bheartas Muirí Comhtháite. Is ann a
chothaítear sainaithint agus dúshaothrú na sineirgí idir gach aon bheartas de chuid an AE a
bhaineann leis na haigéin, na mara, na réigiúin cois cósta agus an earnáil mhuirí, - eadhon na
beartais chomhshaoil, iompair mhuirí, fuinnimh, taighde, tionsclaíochta, iascaigh agus
réigiúnacha.
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht um Beartas Muirí
Comhtháite don Aontas - SEC(2007) 1278 roinnt gníomhaíochtaí arna mbeartú ag an
gCoimisiún Eorpach mar an chéad chéim d’fhonn beartas muirí nua comhtháite don Aontas
Eorpach a chur chun feidhme. Tar éis cuireadh a fháil ón gComhairle Eorpach an
14 Nollaig 2007, a thacaigh le Beartas Muirí Comhtháite an AE1, ghlac an Coimisiún le
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an 15 Deireadh Fómhair 2009 i leith Bheartas Muirí
Comhtháite an AE.2 Rinne an Coimisiún achoimre sa Tuarascáil ar Dhul chun Cinn sin ar na
príomhéachtaí a bhain leis an mBeartas Muirí Comhtháite (BMC), agus leag sé amach treoir
don chéad chéim cur chun feidhme eile ina leith.3
Leag an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta béim ina cuid conclúidí ó 16 Samhain 2009 ar an
tábhacht a bhain le cistiúchán chun tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh ar
an BMC, trí chuireadh a thabhairt don Choimisiún na tograí is gá a thíolacadh maidir le
maoiniú gníomhaíochtaí beartais mhuirí chomhtháite laistigh den Pheirspictíocht Airgeadais
dá bhfuil ann, d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm faoin mbliain 2011.
Tá tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme ar an mBeartas Muirí Comhtháite mar a leag an
Coimisiún amach agus mar a thacaigh an Chomhairle leis i mbaol toisc nach bhfuil dóthain
acmhainní ann do chistiú na ngníomhaíochtaí riachtanacha thar an tréimhse atá fágtha (2011 -
2013) den Pheirspictíocht Airgeadais reatha. Táthar tar éis gníomhaíochtaí BMC a mhaoiniú
go nuige seo ar bhonn Airteagal 49(6)(a) agus (b) den Rialachán Airgeadais, agus
Airteagal 32 dá Rialacha Cur Chun Feidhme, ina ndéantar foráil do chistiú treoirscéimeanna
agus tionscadal ullmhúcháin.4 Ní féidir treoirscéimeanna agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a
1
Conclúidí Uachtaránachta na Comhairle Eorpaí an 14 Nollaig 2007 – Doic. 16616/1/07 REV 1.
2
COIM(2009) 540 an 15 Deireadh Fómhair 2009.
3
Cuireadh Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún - SEC (2009) 1343 leis an tuarascáil ar dhul
chun cinn sin inar tuairiscíodh go mion ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i leith na míreanna den
Phlean Gníomhaíochta arna ghlacadh i nDeireadh Fómhair 2007.
4
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006 ón gComhairle an 13 Nollaig 2006 lena leasaítear
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 faoin Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad
ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 390/2006 an 30 Nollaig 2006), dá ngairtear ‘an Rialachán
Airgeadais’ anseo feasta agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 ón gCoimisiún an
23 Aibreán 2007 lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 an 23.12.2002 lena leagtar
síos rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón
GA 2 GA
bhaineann leis an mBeartas Muirí Comhtháite a mhaoiniú ach amháin go dtí deireadh na
bliana 2010.
Teastaíonn bonn taca airgeadais measartha leanúnach le cur ar chumas an AE an Beartas
Muirí Comhtháite a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh agus chun coinneáil leis
na cuspóirí uileghabhálacha arna leagan amach i bPáipéar Gorm ón gCoimisiún i nDeireadh
Fómhair 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009,
agus lenar tacaíodh i gconclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009.
Cuirfidh an maoiniú sin ar chumas an Choimisiúin, maille leis na Ballstáit agus na
geallsealbhóirí, leanúint ar aghaidh leis an saothar a bhfuiltear tar éis tús a chur leis cheana
féin trí ghníomhaíochtaí ullmhúcháin agus treoirscéimeanna, agus chun roghanna a fhorbairt a
thuilleadh agus a dhéanamh táigiúil do chur chun feidhme an Bheartais Mhuirí Chomhtháite
ar an gcaoi a leagtar amach sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an 15 Deireadh Fómhair 2009.
2. MEASTÓIREACHT EX ANTE
Ní shainítear beartas nua ná ní shocraítear spriocanna nua leis an togra reachtaíochta seo.
Níltear ag súil le haon iarmhairt fhorleathan ná le haon impleacht beartais nua ag an gcéim
seo. Sin é an fáth nach bhfuil Measúnú Iarmharta ag gabháil leis an togra. Más dócha go
mbainfidh tionchair mhóra nó impleachtaí beartais le haon bheart leantach, is amhlaidh a
bheidh measúnuithe iarmharta sonracha ag gabháil leo.
I gcomhréir le hAirteagal 27(4) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21(1) de na
rialacha cur chun feidhme ann, rinne an Coimisiún meastóireacht ex ante ar na gnéithe ba
mhionsonraithe den Chlár maoiniúcháin atá molta. Tugtar forbhreathnú ar an gClár
maoiniúcháin molta i measc nithe eile sa mheastóireacht ex ante sin a bheidh ag gabháil leis
an togra reachtaíochta. Tugtar aird faoi leith inti don chomhthéacs polaitiúil, do shainmhíniú
na faidhbe, do phríomhchuspóirí an Chláir, don luach breise a bhaineann le páirtíocht
airgeadais an Chomhphobail agus do na príomhroghanna/príomh-mhalairtí beartais a bhfuil
measúnú le déanamh orthu.
Is iad seo a leanas na trí mhalairt beartais a aithníodh sa mheastóireacht ex ante:
1. Gníomhaíocht bhreise ar bith;
2. Ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE, ag leibhéal réasúnta méadaithe i
gcomparáid leis na tionscadail ullmhúcháin agus treoirthionscadail go dtí seo, chun
tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar roghanna agus chun an BMC an chur chun feidhme
go rianúil de réir mar a thiocfaidh forbairt air;
3. Maoiniú iomlán.
Rinneadh breithniú ar na trí eochair-rogha beartais sin i gcomhair na dtreoracha straitéiseacha
BMC seo a leanas5:
gComhairle faoin Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal
Eorpach.
5
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón gCoimisiún faoi Bheartas Muirí Comhtháite an AE - COIM(2009)
540 leagan deireanach an 15.10.2009, lgh. 11-12 agus Plean Gníomhaíochta ón gCoimisiún a ghabhann
GA 3 GA
– Rialachas muirí comhtháite ar gach aon leibhéal;
– Gníomhaíochtaí i ndáil leis na himchuacha farraige;
– Uirlisí leathana chun Beartais Chomhtháite a Cheapadh;
– Sainmhíniú ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine gníomhaíochtaí daonna faoi
chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí;
– Cur chun cinn na gné idirnáisiúnta den BMC agus cheannaireacht na hEorpa sa
réimse sin;
– Fás eacnamaíoch, fostaíocht agus nuálaíocht inbhuanaithe;
– Infheictheacht na hEorpa muirí a ardú;
Rinneadh gach rogha beartais dá raibh ar fáil a mheasúnú in aghaidh na gcritéar seo a leanas:
(i) éifeachtacht na rogha chun na cuspóirí a bhí ceaptha di agus na sochair dá réir a ghnóthú;
(ii) féidearthacht na roghanna ceaptha; (iii) an impleacht do bhuiséad an AE ó thaobh costais
de.
Déantar na mórthorthaí a chur i gcomparáid lena chéile sa tábla thíos:
MEASÚNÚ Éifeachtacht maidir Féidearthac Impleacht do bhuiséad an AE ó Measúnú
leis na cuspóirí ht thaobh costais de Foriomlán
ceaptha agus na
sochair dá réir a
ghnóthú
Dearfach
Ard (+++)
Ard (+) Dearfach (idir+agus+++)
Meánach (+/-)
Meánach (idir+agus+++) Diúltach
ROGHANNA Íseal (---) (+/-)
Diúltach (idir-agus---)
Íseal (-)
(idir-agus---)
Rogha 1 Leithreasaí -
Gníomhaíocht --- + Acmhainní Daonna - -
shonrach ar bith
Caiteachas riaracháin -
leis an Teachtaireacht um Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach - ARC(2007) 1278 an
10 Deireadh Fómhair 2007.
GA 4 GA
Rogha 2 Leithreasaí +
Ranníocaíocht +++ + Acmhainní daonna + +
airgeadais
mheasartha ón AE Caiteachas riaracháin +
Rogha 3 Leithreasaí +++
Maoiniú iomlán Acmhainní Daonna ++
+++ - -
Caiteachas riaracháin ++
Gníomhaíocht bhreise ar bith (Rogha 1):
Is léir go bhfuil Rogha 1 indéanta agus nach mbeadh iarmhairt costais i gceist léi do bhuiséad
an AE. Ar an láimh eile de, chiallódh gníomhaíocht bhreise ar bith, .i. gan gníomhartha agus
gníomhaíochtaí don Bheartas Muirí Comhtháite a mhaoiniú don tréimhse 2011-2013, nach
mbainfí amach na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhí ceaptha don Chlár.
Bheifí le tuiscint ina dhiaidh sin nach gcomhlíonfadh an Coimisiún na cuspóirí beartais arna
leagan amach i bPáipéar Gorm uaidh i nDeireadh Fómhair 2007, arna ndeimhniú sa
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009, agus lenar tacaíodh i gconclúidí na
Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009. Is leor an mhainneachtain sin chun
Rogha 1 a chur as an áireamh.
Ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE (Rogha 2):
Is amhlaidh iarmhairt a bheith aici seo ar bhuiséad an AE. Ar an láimh eile de is amhlaidh atá
roinnt buntáistí ag baint le Rogha 2. Is rogha indéanta agus chostéifeachtach í, a chuirfeadh go
mór le gnóthú na gcuspóirí a dtugtar achoimre orthu i roinn 2.3. Chuirfeadh sí ar chumas an
AE leanúint ar aghaidh ag iniúchadh roghanna i gcomhair forbairt breise an BMC agus tús a
chur le cur chun feidhme trí mheán gníomhaíochta nithiúla i roinnt réimsí. Chinnteofaí léi cur
chun feidhme fónta tapa an Bheartais Mhuirí Chomhtháite idir an gearrthéarma agus an
fadtéarma.
Maoiniú iomlán (Rogha 3):
Chuideodh an Rogha seo go mór leis an gCoimisiún chun na cuspóirí agus tosaíochtaí a bhí
ceaptha don BMC a ghnóthú. Ar an láimh eile de is amhlaidh atá Rogha 3 dodhéanta ag an
gcéim seo. Níl sí indéanta ó thaobh na polaitíochta de, toisc nach bhféadfaí méideanna i bhfad
ní ba mhó a íoc amach thar na méideanna dá bhforáiltear cheana féin ag an gcéim seo
d’fhorbairt an BMC. Is amhlaidh sin toisc nach bhfuil roghanna beartais nithiúla ag na
Ballstáit ná ag an gCoimisiún cheana féin ar a bhféadfaí airgead breise a chaitheamh. Níl na
hacmhainní daonna ag an gCoimisiún chun an maoiniú iomlán sin a bhainistiú ach an oiread.
Ina theannta sin is amhlaidh nach mbeadh sé róstuama dul i mbun cur chun feidhme ceart gan
na coincheapa a thástáil ar scála ní ba theoranta ar dtús.
Dá réir sin, ag tabhairt san áireamh sriantaí roghanna 1 agus 3 agus leas láidir an
Chomhphobail i ngnóthú cuspóirí an BMC idir an gearrthéarma agus an meántéarma,
dhealrófaí gurbh í ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE chun gníomhaíochtaí BMC a
chistiú an réiteach cuí don Bheartas Muirí Comhtháite sa tréimhse idir na bliana 2011-2013.
GA 5 GA
3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
3.1. Bunús dlí
Níl aon bhunús follasach dlí sa Chonradh ag Beartas Muirí Comhtháite an AE. Mar sin féin,
cumhdaíonn sé go leor beartas earnálach de chuid an AE a bhfuil tionchar acu ar na farraigí
agus cóstaí, amhail beartais iascaigh, saoirse, slándáil agus ceartas, iompar, tionsclaíocht,
comhtháthú críochach, taighde, comhshaol, fuinneamh, agus turasóireacht. Sin é an fáth go
bhfuil an gníomh reachtach atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 43(2), Airteagal 74 agus
77(2), Airteagal 91(1) agus 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188,
Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 195(2).
3.2. Coimhdeacht agus Comhréireacht
Ní mór dul i mbun aon ghníomhaíochta de chuid an AE ina ndírítear ar fhorbairt nó ar chur
chun feidhme breise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, mar a cuireadh treise air sa Pháipéar
Gorm ó Dheireadh Fómhair 2007 agus sa Phlean Gníomhaíochta a ghabh leis, agus prionsabal
na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach á
urramú go cuí. Tagann an réasúnaíocht do ghníomhaíocht ag leibhéal an AE i réimse an
Bheartais Mhuirí Chomhtháite ó bhunbhrí thrasearnálach thrasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí
lena mbaineann agus ó shineirgí i measc na mbeartas earnálach. Is é an cuspóir atá leis
straitéis chuimsitheach a fhorbairt don fhás agus inbhuaine i gcomhair na n-aigéan, na
bhfarraigí, na réigiún cois cósta agus do ghnéithe trasghearrthacha na n-earnálacha muirí. Is
cásanna sonracha gníomhaíochtaí a bhaineann le huirlisí beartais trasghearrthacha agus
gníomhaíochtaí muirí trasearnálacha, agus le gné idirnáisiúnta an Bheartais Mhuirí
Chomhtháite de bharr a ngnéithe trasteorann. Áirítear leis na huirlisí agus gníomhaíochtaí sin
an timpeallacht chomónta do chomhroinnt na faisnéise i bhfearann muirí an AE, an phleanáil
spásúil mhuirí, bainistiú comhtháite an chreasa cósta agus an líonra sonraí agus eolais mhuirí.
Ní dhéanfadh gníomhaíocht ag leibhéal an Aontais a bheadh dírithe ar chur chun feidhme an
Bheartais Mhuirí Chomhtháite difear diúltach do bhearta comhchosúla a ghlactar sna Ballstáit
nó sna réigiúin. A mhalairt atá fíor, go ndéanfadh gníomhaíochtaí trasearnálacha a ghlacfaí ag
leibhéil éagsúla den rialtas comhlánú agus feabhsú dá chéile. Ní bhainfear amach cumas
iomlán don cheapadh beartais mhuirí barrfheabhsaithe mura mbíonn an cur chuige comhtháite
fite fuaite trí gach leibhéal den rialtas.6 Is amhlaidh dá réir ar dóichí go dtiocfadh sochair
shoiléire ó ghníomhaíocht ag leibhéal an Aontais i réimse an Bheartais Mhuirí de bharr a scála
agus a héifeachtaí, i gcomparáid le gníomhaíochtaí agus gníomhartha nach ndéanfaí ach
amháin ag leibhéal na mBallstát agus na réigiún. Sna conclúidí uaithi ó 16 Samhain 2009 i
leith Tuarascáil ar Dhul chun Cinn an BMC ó 15 Deireadh Fómhair is amhlaidh a thug an
Chomhairle cuireadh do na Ballstáit agus don Choimisiún leanúint ar aghaidh lena gcuid
gníomhaíochta agus an choimhdeacht agus an chomhréireacht á n-urramú go cuí, agus a
d’fháiltigh roimh shaothar an Choimisiúin agus na mBallstát chomh maith le treoshuímh
BMC na todhchaí.
De réir Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus prionsabail na comhréireachta
níor chóir go rachadh gníomhaíocht ón AE thar an méid is gá chun na cuspóirí a bhí leagtha
amach dó a bhaint amach. Déanann an togra reatha i leith an BMC prionsabal na
6
Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte um Chur chuige Comhtháite don Bheartas Muirí: I dtreo an
dea-chleachtais um rialachas muirí comhtháite agus comhairliúchán le geallsealbhóirí’’- COIM(2008)
395 an 29.6.2008, lch. 4.
GA 6 GA
comhréireachta a urramú toisc nach dtéann gníomhaíocht an AE i réimse an Bheartais Mhuirí
Chomhtháite thar an méid is gá chun na cuspóirí sonraithe a ghnóthú go sásúil. Fágtar an
oiread raon feidhme agus is féidir don chinnteoireacht náisiúnta, agus léirítear urramú ann do
shocruithe agus do chórais dlí náisiúnta seanbhunaithe.
Chuirfeadh gníomhaíocht ag leibhéal an Aontais i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite luach
breise leis na bearta atá á nglacadh ag na Ballstáit cheana féin, agus sholáthrófaí leis breis
acmhainní anuas orthu siúd atá á gcaitheamh ag na Ballstáit cheana féin. Is comhréireach iad
na hacmhainní sin óir go gcuirfidís ar chumas na mBallstát, na réigiún agus na
ngeallsealbhóirí réigiúnacha cuspóirí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a bhaint amach ar
bhonn ní b’éifeachtaí.7
4. MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR CHUSPÓIRÍ AN TOGRA
Teastaíonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le Clár a bhunú chun tacú
le forbairt bhreise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite. Is ionann cuspóir ginearálta an Chláir atá
molta agus maoiniú leordhóthanach a sholáthar d’fhorbairt agus cur chun feidhme breise an
Bheartais Mhuirí Chomhtháite. Bheadh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar an bPáipéar Gorm
ar ghlac an Coimisiún leis sa bhliain 2007, agus leanfadh sé sna sála ar na gníomhaíochtaí
ullmhúcháin agus na treoirthionscadail a bheidh le seoladh idir Eanáir 2011 agus
Nollaig 2013.
Tá sé mar choinníoll sonrach in Airteagal 1 agus Airteagal 2 den togra, go mbeidh sé mar
aidhm ag gníomhaíochtaí agus gníomhartha arna maoiniú faoin gClár atá molta cuidiú le
gnóthú na gcuspóirí, na dtosaíochtaí agus na spriocanna seo a leanas, arna leagan amach sa
Pháipéar Gorm ón mbliain 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón mbliain
2009 agus arna bhformhuiniú ag an gComhairle an 16 Samhain 2009:
– tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an rialachas muirí
comhtháite agus cur chuige comhtháite sna Ballstáit agus sna réigiúin cois cósta;
– cur chun feidhme tapa fónta na straitéisí imchuach farraige comhtháite timpeall na
hEorpa, agus iad curtha in oiriúint d’éilimh gach réigiún muirí;
– tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme ar uirlisí trasghearrtha don cheapadh
beartais chomhtháite lena n-áirítear Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí
Eorpach, comhtháthú an fhaireachais mhuirí trí Thimpeallacht Chomónta um
Chomhroinnt na Faisnéise, Pleanáil Spásúil Mhuirí agus Bainistiú Comhtháite an
Chreasa Chósta;
– sainmhíniú breise a thabhairt i líon blianta ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine
na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar chomhshaol na mara, faoi
7
Cuir i gcás an faireachas muirí comhtháite, beidh idirghabháil an AE teoranta do chumasú na
comh-inoibritheachta idir na sraitheanna faisnéise éagsúla de na córais atá ann, agus lena ligean dóibh
bheith inúsáidte le héilimh réamhaitheanta gach pobal úsáideoirí a chumhdach ag leibhéal an AE, agus
prionsabal na comhréireachta á urramú go huasta. Níor cheart go mbainfeadh treisiú na timpeallachta
comónta um chomhroinnt na faisnéise in aon chor d’fhorbairt na gcóras faisnéise earnálach atá ann agus
atá ar na bacáin, lena n-áirítear a bhforás, chomh fada agus a dhéantar foráil do chumasú na
hinoibritheachta in idirmhalartú faisnéise le córais ábhartha eile.
GA 7 GA
chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, ag tabhairt aird chuí dá n-iarmhairt
charnach ar bhunús cur chuige an éiceachórais;
– cur chun cinn na gné idirnáisiúnta den Bheartas Muirí Comhtháite trí chomhphlé, trí
chomhoibriú agus trí chomhordú leis na tríú tíortha a fheabhsú agus a chothú, lena
n-áirítear iad siúd atá buailte ar imchuach farraige Eorpach, nó gníomhairí sna tríú
tíortha, chomh maith le comhpháirtithe agus eagrais idirnáisiúnta um Beartas Muirí
Comhtháite, agus comhchuibheas a chinntiú leis na gníomhaíochtaí a forbraíodh sna
beartais earnálacha;
– aird athnuaite a chur ar an bhfás eacnamaíoch, ar fhostaíocht agus ar nuálaíocht
inbhuanaithe;
– infheictheacht na hEorpa Muirí a ardú, agus cur chun cinn agus éascú chomhroinnt
na faisnéise, idirmhalartú an dea-chleachtais, dúshaothrú agus treisiú na sineirgí agus
comhphlé leis na geallsealbhóirí um rialachas muirí agus um beartais earnálacha ag a
mbíonn iarmhairt ar na haigéin, na farraigí agus na cóstaí, nó bunú
comhghuaillíochtaí agus gréasán comhoibrithe tras-earnálach ag leibhéal
cothrománach agus imchuach farraige.
5. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Faoi réir an Rialacháin atá molta, tá an clúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir
chun tacú le tuilleadh forbartha ar an mBeartas Muirí Comhtháite socraithe ag
EUR 50 000 000 agus beidh feidhm leis idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2013.
Soláthraíonn an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra forbhreathnú ar na
himpleachtaí buiséadacha agus ath-imlonnú na n-acmhainní daonna agus riaracháin is gá.
GA 8 GA
2010/0257 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe
Airteagal 43(2), Airteagal 74 agus 77(2), Airteagal 91(1) agus 100(2), Airteagal 173(3),
Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 195(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa8,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún9,
Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) Sloinntear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) don
Aontas Eorpach - COIM(2007) 575 an 10 Deireadh Fómhair 2007, gurb é
príomhchuspóir an Bheartais Mhuirí Chomhtháite cinnteoireacht chomhtháite, shoiléir
agus chomhleanúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme i ndáil leis na haigéin, na
mara, na réigiúin cois cósta agus na hearnálacha muirí.
(2) Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht um
Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach - SEC(2007) 1278 roinnt
gníomhaíochtaí arna mbeartú ag an gCoimisiún Eorpach mar an chéad chéim d’fhonn
Beartas Muirí Comhtháite nua don Aontas Eorpach a chur chun feidhme.
(3) Déantar achoimre sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Beartas Muirí
Comhtháite an AE an 15 Deireadh Fómhair 2009 ar na príomhéachtaí a bhain leis an
mBeartas Muirí Comhtháite go nuige seo, agus leagadh amach treoir inti don chéad
chéim cur chun feidhme eile ina leith.
(4) Leag an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta béim ina cuid conclúidí ó 16 Samhain 2009 ar
an tábhacht a bhain le cistiúchán chun tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a
8
IO C […], […], lch. […].
9
IO C […], […], lch. […].
GA 9 GA
dhéanamh ar an BMC trí chuireadh a thabhairt ‘don Choimisiún na tograí is gá a
thíolacadh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí beartais mhuirí chomhtháite laistigh den
Pheirspictíocht Airgeadais dá bhfuil ann, d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm faoin
mbliain 2011’.10
(5) Teastaíonn bonn taca airgeadais leanúnach ón Aontas le cur ar chumas an Aontais
Eorpaigh a Bheartas Muirí Comhtháite a chur chun feidhme agus a fhorbairt a
thuilleadh, ag cloí le Rún Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 i leith an
Bheartais Mhuirí Chomhtháite11 agus chun a chuspóirí uileghabhálacha arna leagan
amach sa Pháipéar Gorm ón gCoimisiún i nDeireadh Fómhair 2007, arna ndeimhniú
sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009 agus arna bhformhuiniú i
gconclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009, a shaothrú.
(6) Ba cheart do chistiú an Aontais a bheith ceaptha chun tacú le saothar taiscéalaíoch um
ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu cuspóirí straitéiseacha an Bheartais Mhuirí
Chomhtháite a chur chun cinn, lena n-áirítear an rialachas muirí comhtháite ag gach
leibhéal, forbairt agus cur chun feidhme breise na straitéisí imchuach comhtháite arna
sainoiriúint d’éilimh shonracha imchuach éagsúil na hEorpa, sainmhíniú teorainneacha
na hinbhuaine do ghníomhaíochtaí daonna faoi chuimsiú na Treorach Réime um
Straitéis Mhuirí, atá mar an colún comhshaoil den Bheartas Muirí Comhtháite, ag
tabhairt aird chuí dá n-iarmhairt charnach, ar bhunús cur chuige an éiceachórais,
dlúthbhaint breise na ngeallsealbhóirí sna scéimeanna rialachais mhuirí chomhtháite,
forbairt bhreise na n-uirlisí trasghearrtha don cheapadh beartais chomhtháite, cur chun
cinn na gné idirnáisiúnta den Bheartas Muirí Comhtháite, agus fás eacnamaíoch,
fostaíocht, nuálaíocht agus iomaíochas ar inbhuanaithe iad.
(7) Ní chlúdaíonn ionstraimí eile an Aontais gach aon tosaíocht agus sprioc eile de chuid
an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, amhail an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa, an Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch
agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin, an Ionstraim um Chúnamh Réamh-Aontachais
(ICR) agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht;
agus is amhlaidh dá réir is gá Clár a bhunú chun tacú le tuilleadh forbartha ar an
mBeartas Muirí Comhtháite (dá dtagraítear ‘an Clár’ anseo feasta).
(8) Ba cheart do chur chun feidhme an Chláir sna tríú tíortha rannchuidiú le cuspóirí
forbartha na tíre is tairbhí agus ba cheart dóibh bheith comhsheasmhach le hionstraimí
comhoibrithe eile an AE, lena n-áirítear cuspóirí agus tosaíochtaí na mbeartas ábhartha
de chuid an AE.
(9) Ba cheart an Clár a bheith comhlántach leis na hionstraimí airgeadais a chuireann na
Ballstáit ar fáil i láthair na huaire agus amach anseo, ag leibhéal náisiúnta agus
fonáisiúnta, chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na
gcóstaí a chur chun cinn.
10
Conclúidí Chomhairle CGGCE (Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus Caidreamh Eachtrach) um Beartas
Muirí Comhtháite - Doic. 15175/1/09, lch. 6.
11
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite don Aontas
Eorpach – P6_TA(2008)0213.
GA 10 GA
(10) Ní foláir freisin na rialacha a leagan síos lena rialaítear clárú na mbeart, incháilitheacht
an chaiteachais, leibhéal an chúnaimh theicniúil ón Aontas, na príomhchoinníollacha
ar ar cheart go gcuirfí ar fáil é agus an buiséad foriomlán don Chlár.
(11) Ba cheart an Clár a chur chun feidhme de réir Rialachán (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i leith an Rialacháin Airgeadais is infheidhmithe
maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, dá dtagraítear anseo feasta mar
‘an Rialachán Airgeadais’[12] agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón
gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur chun
feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i leith an
Rialacháin Airgeadais is infheidhmithe do bhuiséad ginearálta na gComhphobal
Eorpach [13].
(12) Ba cheart é a bheith indéanta caiteachas a bhaineann le monatóireacht, seiceálacha
agus monatóireacht a chistiú, d’fhonn cuidiú leis an gCoimisiún monatóireacht a
dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.
(13) Ba cheart na cláir oibre bhliantúla a bunaíodh do chur chun feidhme an Chláir a
ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an
28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na
gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [14].
(14) Ní mór cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chinntiú, i ndáil leis na
gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Rialachán seo, trí chur chun feidhme Rialachán (CE,
Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna
airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint [15], Rialachán (Euratom, CE)
Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair
agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do
leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus
neamhrialtachtaí eile [16], agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna
ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OEFC) [17].
(15) Ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin
Rialachán seo le héifeachtacht mhaoiniú an Aontais féin a airithiú.
(16) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go
leordhóthanach ag feidhmiú ina n-aonar, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fairsinge
agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail,
féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na
comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo
thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,
12
IO L 248, 16.9.2002, lch. 1–.
13
IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.
14
IO L 184, 17.7.1999, lch 23.
15
IO L 312, 23.12.1995, lch 1.
16
IO L 292, 15.11.1996, lch 2.
17
IO L 136, 31.5.1999, lch 1.
GA 11 GA
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear Clár leis an Rialachán seo chun tacú le bearta atá ceaptha le forbairt agus cur chun
feidhme an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a chur chun cinn a thuilleadh (dá dtagraítear anseo
feasta mar “an Clár”).
Airteagal 2
Cuspóirí Ginearálta
Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:
(a) forbairt agus cur chun feidhme an rialachais chomhtháite um ghnóthaí muirí agus
cósta agus straitéisí comhtháite imchuach farraige a chothú;
(b) rannchuidiú le forbairt uirlisí a laghdaíonn beartais earnálacha a bhaineann leis an
bhfarraige nó leis an gcósta;
(c) tacú le ceapadh beartais chomhleanúnach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní
muirí agus cósta agus an fás eacnamaíoch inbhuanaithe, an nuálaíocht agus an
fhostaíocht sna hearnálacha muirí agus sna réigiúin cois cósta a chur chun cinn, i
gcomhchuibheas le tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí beartais earnálaigh;
(d) sainmhíniú breise a thabhairt ar theorainneacha inbhuaine na ngníomhaíochtaí
daonna ag a mbíonn iarmhairt ar chomhshaol na mara, faoi chuimsiú na Treorach
Réime um Straitéis Mhuirí;
(e) an comhoibriú agus an comhordú seachtrach a fheabhsú agus a threisiú i ndáil le
cuspóirí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite.
Airteagal 3
Cuspóirí Sonracha
1. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh de na cuspóirí atá leagtha amach in
Airteagal 2(a) (b) (c) (d):
(a) spreagadh a thabhairt do na Ballstáit nó do na réigiúin chun rialachas muirí
comhtháite a thabhairt isteach;
(b) comhphlé agus comhoibriú leis na geallsealbhóirí agus ina measc a spreagadh
agus a threisiú i leith saincheisteanna tras-earnálacha i ndáil leis an mBeartas
Muirí Comhtháite;
(c) dúshaothrú sineirgí, comhroinnt na faisnéise agus idirmhalartú an
dea-chleachtais um beartas muirí a éascú, lena n-áirítear na beartais rialachais
GA 12 GA
agus earnálacha a bhfuil iarmhairt acu ar fharraigí réigiúnacha agus ar réigiúin
cois cósta nó
(d) bunú comhghuaillíochtaí agus gréasán tras-earnálacha um chomhoibriú a chur
chun cinn, lena n-áirítear leasanna ón tionsclaíocht, ó gheallsealbhóirí taighde,
ó na réigiúin, ó údaráis phoiblí agus ó eagrais neamhrialtasacha;
(e) forbairt modhanna agus cur chuige comónta a éascú;
2. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh den chuspóir a leagadh amach in
Airteagal 2(b), forbairt a chothú i leith:
(a) timpeallacht chomónta do chomhroinnt na faisnéise d’fhearann muirí an AE
trína gcuirtear gníomhaíochtaí faireachais tras-earnálacha agus trasteorann
chun cinn agus trína dtreisítear úsáid shábháilte shlán an spáis mhuirí, ag
tabhairt san áireamh forbairtí ábhartha na mbeartas earnálach maidir le
faireachas agus trína rannchuidítear, de réir mar is cuí, lena n-éabhlóid
riachtanach.
(b) pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa cósta, ar uirlis
bhunúsach iad araon don bhainistiú bunaithe ar an éiceachóras agus d'fhorbairt
inbhuanaithe na gceantar muirí agus na réigiún cois cósta;
(c) bunachar sonraí agus eolais ardcháilíochta ar cuimsitheach agus inrochtana don
phobal é, agus a éascaíonn comhroinnt, athúsáid agus scaipeadh na sonraí sin i
measc grúpaí úsáideoirí éagsúla agus a áirithíonn léirshamhlú an eolais mhuirí
trí uirlisí gréasán-bhunaithe;
3. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh den chuspóir a leagadh amach in
Airteagal 2(e) agus mar chomhlánú do na beartais earnálacha, an comhoibriú i
gcomhair gníomhaíochta tras-earnálaí a fheabhsú le:
(a) tríú tíortha lena n-áirítear iad siúd ar imeall imchuach farraige Eorpaigh,
(b) gníomhaithe i dtríú tíortha,
(c) comhpháirtithe agus eagrais idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le gealltanais
idirnáisiúnta um athchóiriú éiceachórais agus comhaontuithe eile a bhaineann
le hábhar,
4. Rachfar i mbun na gcuspóirí sonracha atá leagtha amach i mír 3 i gcomhréir leis na
cuspóirí sonracha atá leagtha amach i míreanna 1 agus 2 agus i gcomhchuibheas le
hionstraimí comhair an AE, ag tabhairt san áireamh cuspóirí na straitéisí forbartha
náisiúnta agus réigiúnacha.
Airteagal 4
Gníomhaíochtaí cáilithe
Féadfar cúnamh airgeadais a sholáthar trí mheán an Chláir le haghaidh gníomhaíochtaí i
gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, mar atá:
GA 13 GA
(a) staidéir agus cláir chomhoibritheacha;
(b) comhroinnt an eolais phoiblí agus an dea-chleachtais, spreagadh feasachta agus
gníomhaíochtaí comhbhainteacha cumarsáide agus scaipthe, lena n-áirítear feachtais
phoiblíochta, agus imeachtaí agus forbairt agus cothabháil na suíomhanna gréasáin;
(c) comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, agus fóraim gheallsealbhóirí;
(d) comhthiomsú, monatóireacht, léirshamhlú agus áirithiú na rochtana poiblí ar mhéid
sonraí nach beag, dea-chleachtas agus bunachar sonraí um thionscadail réigiúnacha
arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear de réir mar is cuí trí rúnaíocht a bunaíodh
faoi chomhair ceann amháin de na cuspóirí sin nó níos mó;
(e) gníomhaíochtaí a bhaineann le huirlisí tras-earnálacha, lena n-áirítear tionscadail
thrialacha.
Airteagal 5
An saghas idirghabhála airgeadais
1. Féadann cúnamh airgeadais an Aontais bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:
(a) deontais;
(b) conarthaí soláthair phoiblí;
(c) socruithe riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde.
2. Féadtar deontais le haghaidh gníomhaíochtaí agus deontais oibriúcháin araon a
dheonú faoin gClár. Mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 (dá dtagraítear “an Rialachán Airgeadais” anseo feasta), is
amhlaidh a roghnófar tairbhithe na ndeontas nó na gconarthaí soláthair phoiblí tar éis
glao ar thograí nó glao ar thairiscintí.
Airteagal 6
Tairbhithe
1. Féadtar cúnamh airgeadais faoin gClár a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha,
bídís faoi rialú an dlí phríobháidigh nó phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí an Aontais.
2. Féadann an Clár a bheith tairbheach do thríú tíortha, do gheallsealbhóirí i dtríú tíortha,
agus d’eagrais nó comhlachtaí idirnáisiúnta a théann i mbun ceann amháin nó níos mó de na
cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3.
3. Sonrófar an incháilitheacht le bheith páirteach i nós imeachta éigin sa ghlao ar thograí
nó sa ghlao ar thairiscintí ábhartha.
GA 14 GA
Airteagal 7
Nósanna imeachta cur chun feidhme
1. Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán
Airgeadais.
2. Glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn an Clár a chur chun feidhme, agus i gcomhréir leis
na cuspóirí a leagadh amach in Airteagail 2 agus 3, cláir oibre bhliantúla i gcomhréir
leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
3. Leagfar amach go mionsonrach sa chlár oibre bliantúil an méid seo a leanas maidir le
deontais:
(a) na tosaíochtaí don bhliain, na cuspóirí atá le comhlíonadh agus na torthaí a
ndéantar foráil dóibh leis na leithreasaí atá údaraithe don bhliain airgeadais.
(b) teidil agus ábhar na ngníomhaíochta;
(c) na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme;
(d) na critéir roghnúcháin agus deonúcháin bhunriachtanacha a úsáidfear chun na
tograí a roghnú;
(e) má bhaineann le hábhar, na dálaí inar ceart deontas a dheonú gan glao ar
thograí ar bhunús ceann amháin de na heisceachtaí atá leagtha amach in
Airteagal 168 den Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002 ón
gCoimisiún;
(f) an t-uasbhuiséad agus an ráta is mó is féidir don chómhaoiniú in aghaidh na
gníomhaíochta, agus na critéir lena gcloífear i gcomhair gach ráta más rud é go
bhfuiltear ag súil le rátaí éagsúla;
(g) an tráthchlár do na glaonna ar thograí.
4. Leagfar amach go mionsonrach sa chlár oibre bliantúil an méid seo a leanas maidir le
conarthaí soláthair phoiblí:
(a) teidil agus ábhar na ngníomhaíochtaí;
(b) an t-uasbhuiséad in aghaidh na gníomhaíochta;
(c) cuspóir na ngníomhaíochtaí;
(d) na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme;
(e) an tréimhse ama tháscach do sheoladh na nósanna imeachta soláthair
5. Ní chlúdófar faoin gclár oibre bliantúil na gníomhaíochtaí faoi Airteagal 9.
GA 15 GA
Airteagal 8
Acmhainní buiséadacha
1. Socrófar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir ag
EUR 50 000 000 don tréimhse idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2013.
2. Iontrálfar na hacmhainní buiséadacha a leithdháiltear don Chlár i leithreasaí bliantúla
bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Údaróidh an t-údarás buiséadach na
leithreasaí atá ar fáil ar bhonn bliantúil laistigh de theorainneacha an chreata
airgeadais.
Airteagal 9
Cúnamh Teicniúil
1. Féadann an t-imchlúdach airgeadais atá bunaithe faoi Airteagal 8 caiteachas
éigeantach a chlúdach freisin maidir le haon ghníomhaíocht ullmhúcháin, monatóireacht,
rialú, iniúchadh agus meastóireacht is gá go díreach d’fhonn an Rialachán a chur chun
feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus chun a chuid cuspóirí a ghnóthú.
2. Féadtar staidéir, cruinnithe saineolaithe, caiteachas ar uirlisí faisnéisíochta, córais agus
líonraí agus aon chúnamh agus saineolas teicniúil, eolaíochta agus riaracháin eile a áireamh
leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is gá ag an gCoimisiún do chur chun
feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 10
Monatóireacht
1. Is é tairbhí an chúnaimh airgeadais a chuirfidh tuarascálacha airgeadais agus
teicniúla faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil le dul chun cinn ar obair arna maoiniú ag
an gClár. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí mhí ón dáta a
gcríochnófar an tionscadal.
2. Gan dochar do na hiniúchtaí arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí i gcomhthadhaill
leis na comhlachtaí nó rannóga iniúchta náisiúnta inniúla de bhun Airteagal 287 den
Chonradh, ná d’aon imscrúdú arna dhéanamh de bhun Airteagal 322(1)(b) den
Chonradh, is amhlaidh a dhéanfaidh oifigigh agus foireann eile ón gCoimisiún
seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha agus bearta eile arna
maoiniú faoin gClár, go háirithe chun comhlíonadh a sheiceáil le cuspóirí an Chláir
agus le hincháilitheacht na ngníomhaíochtaí arna leagan amach in Airteagal 2, 3 agus
4 den Rialachán sin.
3. Forálfar sna conarthaí agus comhaontuithe mar thoradh ar an Rialachán seo go
sonrach do mhaoirsiú agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a
fhéadann an Coimisiún a údarú, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, ar an láthair
más gá.
GA 16 GA
4. Coimeádfaidh tairbhí an chúnaimh airgeadais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann
leis an gcaiteachas ar aon tionscadal ar fáil don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig
bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin.
5. Más gá sin, ar bhonn thorthaí na dtuarascálacha agus na seiceálacha samplacha dá
dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Coimisiún coigeartú ar an scála nó ar na
coinníollacha do chionroinnt an chúnaimh airgeadais a údaraíodh i dtosach chomh
maith le coigeartú ar thráthchlár na n-íocaíochtaí.
6. Glacfaidh an Coimisiún gach céim eile is gá chun a fhíorú go ndéantar na
gníomhaíochtaí a mhaoinítear go cuí agus de réir fhorálacha an Rialacháin seo agus
an Rialacháin Airgeadais.
Airteagal 11
Cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail
1. Áiritheoidh an Coimisiún go dtugtar cosaint do leasanna airgeadais an
Chomhphobail nuair a chuirtear chun feidhme gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin
gClár seo:
(a) trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, na caimiléireachta agus aon
ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm,
(b) trí sheiceálacha éifeachtacha,
(c) trí athshlánú méideanna a íocadh go míchuí agus,
(d) trí phionós éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm,
má bhraitear neamhrialtachtaí.
2. Chun críche mhír 1, feidhmeoidh an Coimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE,
Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán
(CE) Uimh. 1073/1999.
3. Déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh airgeadais arna dheonú le haghaidh
gníomhaíochta a laghdú, a chealú nó a athshlánú má aimsíonn sé neamhrialtachtaí,
lena n-áirítear neamh-chomhlíonadh maidir le forálacha an Rialacháin seo nó leis an
gcinneadh aonair nó leis an gconradh nó comhaontú trína ndeonaítear an cúnamh
airgeadais áirithe, nó más rud é gur athraíodh an ghníomhaíocht, gan cead an
Choimisiúin a lorg, agus go bhfuil an t-athrú ar neamhréir leis an gcineál
gníomhaíochta atá ann nó lena coinníollacha cur chun feidhme.
4. Iarrfaidh an Coimisiún ar an tairbhí barúlacha a chur faoina bhráid laistigh de
thréimhse shonrach murar cloíodh leis na teorainneacha ama nó mura bhfuil call ach
le cuid éigin den chúnamh airgeadais leithdháilte leis an dul chun cinn i leith na
gníomhaíochta. Mura dtabharfaidh an tairbhí freagra sásúil, féadfaidh an Coimisiún a
mbeidh fágtha den chúnamh airgeadais a chealú agus féadfaidh sé a éileamh go
n-aisíocfar na suimeanna a íocadh cheana.
GA 17 GA
5. Aisíocfar leis an gCoimisiún aon íocaíocht mhíchuí. Cuirfear ús le haon suim nach
n-aisíoctar in am trátha faoi réir na gcoinníollacha arna leagan síos ag an Rialachán
Airgeadais.
6. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘neamhrialtacht’ aon sárú ar fhoráil de dhlí
an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonartha ag éirí as gníomh nó neamhghníomh
ag oibreoir eacnamaíochta, a dhéanann dochar, nó a dhéanfadh dochar, do bhuiséad
ginearálta an Aontais nó do bhuiséid arna mbainistiú ag an Aontas, trí chaiteachas
gan chúis.
Airteagal 12
Meastóireacht
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post a thíolacadh do Pharlaimint na
hEorpa tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2014.
Airteagal 13
Coiste Comhairleach
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste Comhairleach chun na cláir oibre
bhliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) a bhunú.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag
Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
GA 18 GA
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. AINM AN TOGRA:
Togra ón gCoimisiún i gcomhair Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena mbunaítear Clár chun tacú le tuilleadh forbartha ar Bheartas Muirí
Comhtháite
2. CREAT “ABM /ABB" (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)
Beartas Muirí
3. NA LÍNTE BUISÉID
3.1. 11 09 05 Clár chun forbairt bhreise ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) a chothú
11 01 04 07 Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) a chothú
- Caiteachas ar bhainistiú riaracháin
3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais:
Ón 1 Eanáir 2011 go dtí 31 Nollaig 2013
3.3. Tréithe buiséadacha:
Ceannteideal
Ranníocaíochtaí
Líne Ranníocaíocht sa
Saghas caiteachais Nua na dtíortha is
buiséid CSTE pheirspictíoc
iarrthóirí
ht airgeadais
Éigea
ntach/
Neam Difreáilt
11 09 05 héigea TÁ NÍL NÍL Uimh. 2
e18
ntach
N/B
Éigea
ntach/ Neamhd
Neam hifreáilt
11 01 04 07 héigea TÁ NÍL NÍL Uimh. 2
e19
ntach
N/B
18
Leithreasaí difreáilte
19
Leithreasaí neamhdhifreáilte dá dtagraítear mar LND ina dhiaidh seo.
GA 19 GA
4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ
4.1. Acmhainní Airgeadais
4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi
chomhair íocaíochtaí (LÍ)
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
Saghas caiteachais Uimh. coda 2011 2012 2013 Iomlán
Caiteachas oibríochtúil20
Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) 8.1 a 16.260 16.560 16.780 49.600
Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) b 7.355 14.443 17.512 39.310
Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid
tagartha21
Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) 8.2.4 c 0.100 0.100 0.200 0.400
AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN
Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a+c 16.360 16.660 16.980 50.000
Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí b+c 7.455 14.543 17.712 39.710
Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) 8.2.5 d 1.000 1.000 1.000 3.000
Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus
costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN)
8.2.6 e 0.155 0.157 0.160 0.472
Costas táscach airgeadais iomlán na
hidirghabhála
LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna
a+c+d+e 17.515 17.817 18.140 53.472
san áireamh
LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san
b+c+d+e 8.610 15.700 18.872 43.182
áireamh
Táthar ag súil gur fiú EUR 10 290 san iomlán iad na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a theastaíonn sna
blianta 2014 agus 2015 a bhaineann le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do chaiteachas oibriúcháin le linn na
tréimhse 2011-2013.
Sonraí an Chómhaoinithe
20
Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil 11 01 den Teideal 11 atá i gceist.
21
Caiteachas laistigh d'Airteagal 11 01 04 den Teideal 11
GA 20 GA
2011 2012 2013 2014 iomlán
Comhlacht cómhaoinithe
f
LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú a+c+d+e+f
4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais
Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht
airgeadais.
4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam
Níl impleachtai airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam
4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus
sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.
Riachtanais bhliantúla
2011 2012 2013
Líon iomlán na n-acmhainní daonna 9.4 9.4 9.4
5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ
5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Leanúint ar aghaidh leis an obair chun roghanna a mheas le haghaidh fhorbairt agus
chur chun feidhme breise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite.
5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an
togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith
ann
Ba cheart go mbeadh an buiséad a mholtar comhlántach leis na hionstraimí
airgeadais atá ann agus a bheidh ann agus go dtreiseofaí iad leis. Ba cheart go
mbeadh na hiarrachtaí faoin gClár seo comhlántach, de réir mar is cuí, le Beartais
ábhartha an Aontais a bhaineann leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha
atá ann agus/nó le comhaontuithe le tíortha nach Ballstáit den AE iad atá gníomhach
sna réigiúin faoi leith, agus ba cheart go gcruthófaí naisc nach beag trasna na
dtionscnamh sin as, rud a uasmhéadóidh na sochair fhoriomlána a bheidh leo. Beidh
na gníomhaíochtaí aonair comhlántach freisin leis an obair atá ar bun ar straitéisí
macrairéigiúnacha na hEorpa.
5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i
gcomhthéacs an chreata le haghaidh bainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)
Cf. Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Rialachán.
GA 21 GA
5.4. Modhanna don Chur Chun Feidhme (táscach)
Cuirfidh an Coimisiún na leithreasaí buiséadacha i gcomhair beart arna maoiniú
faoin gClár seo chun feidhme iad ar bhonn láraithe de réir Airteagal 53(a) den
Rialachán Airgeadais. Ní chuirtear modhanna eile cur chun feidhme as an áireamh
áfach.
6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT
6.1. Córas Monatóireachta
Is é an Coimisiún a bheidh i mbun chur chun feidhme teicniúil agus airgeadais na
ngníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár, ar bhunús na dtuarascálacha ar dhul chun
cinn a chuireann an tairbhí faoi bhráid an Choimisiúin, agus freisin trí sheiceálacha
monatóireachta ar an láthair. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí
mhí ón dáta a gcríochnófar an tionscadal. Tiocfaidh tionscadail agus gníomhaíochtaí
eile arna maoiniú ag an gClár faoi réir iniúchtaí freisin, lena n-áirítear iniúchtaí a
fhoinsítear le conraitheoirí allamuigh.
6.2. Meastóireacht
6.2.1. Meastóireacht exante
Tugtar forbhreathnú sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an togra seo ar na
heochair-thorthaí ón meastóireacht ex ante.
6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a
foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)
Tionscnaíodh roinnt treoir-thionscadal agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin sa tréimhse
idir 2008-2010 d’fhonn tograí a fhorbairt do ghníomhú an AE sa réimse sin.
6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí
Tiocfaidh an Clár ina iomláine faoi réir meastóireachta ex ante le cur faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2014.
I gcomhréir le hAirteagal 27(4) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21(3) dá
rialacha cur chun feidhme, is amhlaidh a tharlóidh an mheastóireacht um fhaireachas
muirí comhtháite agus pleanáil spásúlachta muirí sa bhliain 2012, agus déanfar
meastóireacht ar an tionscadal eolais mhuirí sa bhliain 2013.
7. BEARTA FRITH-CHALAOISE
Tagraíonn Airteagal 10 den Rialachán molta do Rialacháin (CE, Euratom)
Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na
gComhphobal Eorpach a chosaint 22, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón
gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí
22
IO L 312, 23.12.1995, lch 1.
GA 22 GA
arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais
an Aontais Eorpaigh i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile23, agus
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach
Frith-Chalaoise (OEFC)24.
23
IO L 292, 15.11.1996, lch 2.
24
IO L 136, 31.5.1999, lch 1.
GA 23 GA
8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ
8.1 Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais
Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 125
Rialachas Muirí Comhtháite
Gníomhaíocht 1: Comhphlé struchtúracha leis na Ballstáit agus leis na réigiúin
cois cósta
Aschur 1: Imeachtaí/ceardlanna a dhírítear ar chur 3 0.390 3 0.390 3 0.520 1.300
chun cinn an rialachais mhuirí chomhtháite ar fud an
AE
Gníomhaíocht 2: Meáin agus comhghuaillíochtaí cumarsáide tras-earnálacha um
ghnóthaí muirí
25
Mar a thuairiscítear i Roinn 5.3
GA 24 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
- Aschur 1: Uirlis TF - Fóram Muirí Idirlín 1 0.200 1 0.200 1 0.200 0.600
Aschur 2: Rúnaíocht gréasáin na nGeallsealbhóirí atá 1 0.200 1 0.200 1 0.200 0.600
dírithe ar chur chun cinn agus éascú chomhroinnt na
faisnéise, idirmhalartú an dea-chleachtais, dúshaothrú
agus treisiú na sineirgí agus an chomhphlé leis na
geallsealbhóirí agus ina measc i leith an rialachais
mhuirí agus beartais earnálacha a mbíonn iarmhairt
acu ar na haigéin, na farraigí agus na cóstaí
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.2
Gníomhaíochtaí i ndáil leis na himchuacha farraige
Gníomhaíocht 1: Ballstáit ó Réigiún na Meánmhara ag obair le Ballstáit eile ó
Réigiún na Meánmhara agus/nó le tíortha ó Réigiún na Meánmhara nach Ballstáit
an AE iad
GA 25 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
- Aschur: Tionscadal trialach chun cur chuige 1 1.500 1.500
coiteann don rialachas muirí a shainiú i bhfo-réigiún
na Meánmhara, bunaithe ar phrionsabail
chomhaontaithe, comhordú idir ranna riaracháin agus
comhthiomsú acmhainní, agus mar chomhlánú do
thionscnaimh eile sa réigiún.
Gníomhaíocht 2: Fo-réigiúin na Meánmhara
- Aschur 1: Staidéar chun eolas faoi rialachas muirí a 1 0.500 0.500
fhorbairt sna fo-réigiúin mhuirí príomha den
Mheánmhuir, agus iarmhairtí idirghaolmhara na
ngníomhaíochtaí a tharlaíonn amuigh uirthi
- Aschur 2: Staidéar chun eolas faoi rialachas muirí a 1 0.500 0.500
fhorbairt sna fo-réigiúin mhuirí príomha sa
Mheámhuir, agus iarmhairtí idir-ghaolmhara na
ngníomhaíochtaí a tharlaíonn uirthi (Leanúint ar
aghaidh ó aschur 1).
GA 26 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
Gníomhaíocht 3: Eagrúchán na gCeardlann i Réigiún na Meánmhara
Aschur 1: imeachtaí agus ceardlanna faoi chuimsiú 1 0.100 1 0.100 1 0.100 0.300
Theachtaireacht COIM (2009)466 an 11.09.2009.
Gníomhaíocht 4: Fóram réigiúnach na Meánmhara do Bhallstáit na Meánmhara
agus do thíortha na Meánmhara lena mbaineann nach Ballstáit an AE iad
- Aschur: Bunú fóraim i leith an rialachais i réigiún na 1 0.200 1 0.200 0.400
Meánmhara, ag díriú ar ranna riaracháin,
geallsealbhóirí, lucht acadúil, saineolaithe dlí, agus
naisc á gcruthú le tionscnaimh eile sa réigiún, agus iad
a chomhlánú.
Gníomhaíocht 5: Straitéisí réigiúnacha i Réigiúin an Atlantaigh, Réigiúin an
Artaigh agus sna Réigiúin is Forimeallaí
- Aschur 1: tiomsaítear faisnéis sna staidéir i leith 1 0.300 1 0.300 1 0.300 0.900
imchuach farraige, aithint na roghanna dlí do ghnóthú
na gcuspóirí sin, measúnú na hiarmharta eacnamaíche,
sóisialta agus comhshaoil sna roghanna sin, agus
monatóireacht ar an dul chun cinn i gcur chun
feidhme an phlean gníomhaíochta;
Gníomhaíocht 6: Staidéir agus Comhghuaillíocht na nGeallsealbhóirí i réigiún
na Mara Bailt
GA 27 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
- Aschur 1: staidéir, imeachtaí agus ceardlanna 1 0.200 1 0.150 1 0.150 0.500
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.3:
Uirlisí chun Beartais Chomhtháite a Cheapadh
3.1 Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise i gcomhair
Faireachais Mhuirí Chomhtháite (TCCF)
Gníomhaíocht 3.1.1: Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise
(TCCF) forbairt TCCF
- Aschur: staidéar ar fhorbairt choincheapúil na TCCF 1 2.000 2.000
d’fhearann muirí an AE
Gníomhaíocht 3.1.2: Staidéar teicniúil
- Aschur: Staidéar um idir-inoibritheacht agus 1 0.600 0.600
riachtanais theicniúla don idirmhalartú sonraí
Gníomhaíocht 3.1.3: Ceanglais dlí agus riaracháin
- Aschur: staidéar 1 0.500 0.500
GA 28 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
Gníomhaíocht 3.1.4: Acmhainní airgeadais
- Aschur: staidéar ar aithint na n-acmhainní airgeadais 1 0.200 0.200
a theastaíonn chun an faireachas muirí a chomhtháthú
Gníomhaíocht 3.1.5: Éabhlóid an tionscadail
SafeSeaNet
- Aschur: staidéar agus tionscadal treorach ar 1 0.350 1 0.350 0.700
impleachtaí dlíthiúla agus teicniúla do thuilleadh
forbartha den SafeSeaNet mar an príomhchlár don
idirmhalartú faisnéise laistigh d’fhearann Muirí an AE
maidir le fógraí calafoirt do theachtaí agus imeachtaí,
fógraí um earraí contúirteacha, fógraí um shlándáil
mhuirí, faisnéis um theagmhais agus um thimpistí,
AIS, LRIT agus monatóireacht ar thruailliú, sa tsúil is
go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do phobail
úsáideoirí ábhartha eile i dteannta iad siúd ar cás leo
an tSábháilteacht mhuirí, an tSlándáil mhuirí agus
cosc ar thruailliú ag teacht ó longa, arna leagan amach
sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “I dTreo
chomhtháthú an fhaireachais mhuirí: Timpeallacht
chomónta um chomhroinnt na faisnéise d’fhearann
muirí an AE” COIM (2009)538 leagan deireanach,
roinn 4.2.1, lch. 7
GA 29 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
3.2 An Phleanáil Spásúil Mhuirí (PSM) agus Bainistiú Comhtháite an
Chreasa Cósta (BCCC
Gníomhaíocht 3.2.1: An Phleanáil Spásúil Mhuirí (PSM) do cheantair mhuirí
roghnaithe an AE
- Aschur 1: Tionscadal trialach um an bPleanáil 1 0.500 0.500
Spásúlachta Mhuirí (trasteorann), sa Mhuir Cheilteach
- Aschur 2: Tionscadal trialach (trasteorann) ar an 1 0.500 0.500
bPleanáil Spásúlachta Mhuirí i mBá na Bioscáíne
- Aschur 3: Tionscadal trialach um BMC sa 1 0.900 0.900
Mheánmhuir
Aschur 4: Tionscadal trialach ar an bPleanáil 1 0.500 0.500
Spásúlachta Mhuirí (trasteorann) sa Mhuir Thuaidh
- Aschur 5: Tionscadal trialach ar an bPleanáil 1 0.500 0.500
Spásúlachta Mhuirí (trasteorann) sa Mhuir Dhubh
Gníomhaíocht 3.2.2: An Phleanáil Spásúlachta Mhuirí i gcomhthéacs
trasteorann le tíortha nach Ballstáit den AE iad i réigiúin na Meánmhara agus na
Mara Bailt
GA 30 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
- - Aschur 1: Tionscadail treorach sa Mhuir Bhailt 1 0.900 0.900
- Aschur 2: Tionscadal treorach sa Mheánmhuir 1 1.000 1.000
Gníomhaíocht 3.2.3: Comhdhálacha geallsealbhóirí ar an bPleanáil Spásúlachta
Mhuirí, lena n-áirítear comhdhálacha le rannpháirteachas ó thríú tíortha
- Aschur: imeacht/ceardlanna geallsealbhóirí um 1 0.100 1 0.100 1 0.100 0.300
dhea-chleachtas agus cur chun feidhme PSM
Gníomhaíocht 3.2.4: Forbairt gréasáin/comhghuaillíochta saineolaithe ar an
bPleanáil Spásúlachta Mhuirí
-Aschur: gréasán/comhghuaillíocht geallsealbhóirí - 1 0.050 1 0.050 1 0.050 0.150
Forbairt gréasáin/comhghuaillíochta saineolaithe um
an bPleanáil Spásúlachta Mhuirí
Gníomhaíocht 3.2.5: Nasc-cheangail PSM le Bainistiú Comhtháite an Chreasa
Cósta (BCCC)
- Aschur 1: tionscadal ar nasc-cheangail PSM le 1 0.750 0.750
Bainistiú Comhtháite an Chreasa Cósta (BCCC)
Aschur 2: Comhroinnt an dea-chleachtais um 1 0.500 0.500
Bainistiú Comhtháite an Chreasa Cósta (BCCC), i
gcomhthéacs an oiriúnaithe leis an athrú aeráide sna
ceantair cois cósta
GA 31 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
3.3 Sonraí agus Eolas Muirí
Gníomhaíocht 3.3.1: Tuilleadh Forbartha ar an ur-EMODnet
- Aschur 1: Nuashonrú na gciseal fisiceach agus 3 5.900 5.900
bitheolaíochta
- Aschur 2 nuashonrú na gciseal ceimiceach 1 1.400 1.400
- Aschur 3: Cruthú na gciseal don ghníomhaíocht 1 1.500 1.500
dhaonna
- Aschur 4: Cruthú ciseal bataiméadrachta ardtaifigh 1 5.500 5.500
- Aschur 5: Críochnú na léarscáile geolaíochta 1 3.300 3.300
- Aschur 6 Seicphointí imchuach farraige 1 0.750 2 1.500 2.250
- Aschur 7: Rúnaíocht do EMODNET (conarthaí a 1 0.450 1 0.450 1 0.450 1.350
bhainistiú, cruinnithe a eagrú)
- Aschur 8: Cothabháil na gciseal atá ann 1 0.400 2 0.900 1.300
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.4:
Gné idirnáisiúnta an BMC a chur chun cinn
GA 32 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
Gníomhaíocht 1: Gnóthaí muirí an AE i gcomhthéacs cruinniú idirnáisiúnta
agus i gcomhair
- Aschur: imeachtaí agus ceardlanna 2 0.100 2 0.100 2 0.100 0.300
Gníomhaíocht 2: Rannpháirtíocht tríú tíortha sna cruinnithe/seimineáir
idirnáisiúnta ina bpléitear gnóthaí muirí
- Aschur: imeachtaí agus ceardlanna 2 0.100 2 0.100 2 0.100 0.300
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.5
Sainiú teorainneacha inbhuaine na ngníomhaíochtaí muirí trí chur chun
feidhme an MSFD (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)
Gníomhaíocht 1: Comhordú idir réigiúin mhuirí éagsúla (An tAtlantach Thoir
Thuaidh, An Mheánmhuir, An Mhuir Bhailt agus An Mhuir Dhubh) i gcur chun
feidhme chur chuige an éiceachórais
Aschur 1: Clár oibre buan do chomhordú an chomhoibrithe idir-réigiúnaigh i 1 0.200 1 0.200 1 0.300 0.700
ndáil le measúnú, spriocanna a shocrú agus monatóireacht na n-uiscí mara, lena
mbaineann OSPAR, Coinbhinsiún Barcelona, HELCOM agus Coinbhinsiún
Bhúcairist.
GA 33 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
Aschur 2: Ceardlann rialta ar an dul chun cinn i dtreo dea-stádais chomhshaoil na 1 0.100 1 0.100 1 0.100 0.300
n-uiscí mara san Atlantach Thoir Thuaidh, sa Mheánmhuir, sa Mhuir Bhailt agus
sa Mhuir Dhubh
Gníomhaíocht 2: Tacaíocht d’fhorbairt caighdeán modheolaíochta i ndáil le 1 0.700 1 0.300 1 0.500 1.500
dea-stádas comhshaoil na mara faoi MSFD
Gníomhaíocht 3: Staidéar ar bhunús, ar mhéid agus ar bhearta féideartha i ndáil 1 0.400 1 0.500 1 0.600 1.500
le bruscar mara, lena n-áirítear na fadhbanna atá ag teacht aníos leis an manglam
plaisteach san fharraige, mar rannchuidiú chun aghaidh a thabhairt ar chás
tras-earnálach faoi chuimsiú chur chuige an éiceachórais (nasc le tuairisceoir 10
in Iarscríbhinn I den MSFD
Gníomhaíocht 4: Tionscadal chun modheolaíochtaí na gníomhaíochta tacaíochta 1 0.200 1 0.200 1 0.300 0.700
ag an gCoimisiún Eorpach a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) MSFD, do
réigiúin a aithnítear mar thionscadal treorach mar a dteastaíonn gníomhaíocht
phráinneach de bharr stádas na farraige a bheith chomh géibheannach sin.
Gníomhaíocht 5: Tionscadal ar údair imní comhshaoil san Artach faoi chuimsiú 1 0.400 0.400
an chomhoibrithe um chosaint an Atlantaigh Thoir Thuaidh
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.6:
Fás eacnamaíoch, fostaíocht agus nuálaíocht inbhuanaithe
Gníomhaíocht 1: gníomhaíocht um loingseoireacht ghlan
GA 34 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
- Aschur: staidéir agus ceardlanna chun tacú leis an 1 0.250 1 0.250 0.500
loingseoireacht ghlan sa Straitéis don Mhuir Bhailt
Gníomhaíocht 2: Fostaíocht agus oideachas muirí
- Aschur: imeachtaí agus ceardlanna ar oiliúint, 2 0.100 2 0.100 0.200
teistiúchán agus gairmréimeanna sna gairmeacha
beatha muirí
Gníomhaíocht 3: Fás eacnamaíoch agus nuálaíocht inbhuanaithe san earnáil
mhuirí a fheabhsú
- Aschur: staidéir dírithe ar bhearta forbartha agus 1 0.350 1 0.450 0.800
meastóireachta ag leibhéal an AE ar féidir leo cumas
foráis agus fostaíochta an gheilleagair mhuirí a bhaint
amach
CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 7:
Infheictheacht na hEorpa Muirí a Ardú
Gníomhaíocht 1: Scaipeadh agus Cumarsáid trí mheán Atlas Eorpach na
bhFarraigí
- Aschur: Uirlisí TF lena n-áirítear bunachar sonraí 1 0.770 1 0.770 1 0.760 2.300
spásúlachta agus córas faisnéise geografaí ar líne
GA 35 GA
(Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na Saghas Meánchostas 2011 2012 2013
ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) aschuir
Líon Costas Líon Costas Líon Costas Costas
aschur iomlán aschur iomlán aschur iomlán iomlán
Costas iomlán 16.260 16.560 16.780 49.600
GA 36 GA
8.2 Caiteachas Riaracháin
8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna
Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a
Saghsanna post bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó as
acmhainní breise (an líon post/FTE)
2011 2012 2013
Oifigigh nó foireann A*/AD 4.00 4.00 4.00
shealadach26 (11 01 01)
B*, 2.40 2.40 2.40
C*/AST
Foireann arna maoiniú27 ag
3.00 3.00 3.00
Airteagal 11 01 02
Foireann eile28 arna maoiniú ag
Airteagal 11 01 04/05
IOMLÁN 9.40 9.40 9.40
8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht
Scríobh na dtéarmaí tagartha do staidéir, ullmhú glaonna ar thograí i gcomhair
deontas agus glaonna ar thairiscintí; margaíocht na ndeontas, fíordheimhniú ex ante,
rialú ex post, eagrú cruinnithe, meastóireacht tograí agus tairiscintí, monatóireacht
inseachadtaí, próiseáil íocaíochtaí
8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)
⌧ Poist agus pearsanra seachtrach atá leithdháilte faoi láthair do bhainistiú an
chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.
Cumhdófar na héilimh ó acmhainní daonna faoin leithdháileadh a deonaíodh cheana
féin do bhainistiú na gníomhaíochta seo agus/nó a ath-imlonnaíodh laistigh den AS.
26
Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha
27
Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha
28
Costas ar áireamh sa mhéid tagartha
GA 37 GA
8.2.4. Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar
bhainistiú riaracháin)
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
Líne buiséid
iomlá
2011 2012 2013
n
(uimhir agus ceannteideal)
1 Cúnamh teicniúil agus riaracháin
(lena n-áirítear costais a bhaineann le
foireann)
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin29
Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile
- intra muros
- extra muros 0.100 0.100 0.200 0.400
Cúnamh teicniúil agus riaracháin
0.100 0.100 0.200 0.400
iomlán
8.2.5 Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear
sa mhéid tagartha
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
Saghas acmhainní daonna 2011 2012 2013
Oifigigh agus foireann shealadach (11 01 02 01) 0.781 0.781 0.781
Foireann arna maoiniú ag Airteagal 11 01 02 01 (SNI, foireann ar conradh,
srl.)
0.219 0.219 0.219
Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara
1.000 1.000 1.000
(NACH n-áirítear sa mhéid tagartha)
Ríomh– Oifigigh, Gníomhairí sealadacha agus Foireann arna maoiniú faoi Airteagal 11 01
02 01
Meastar costas airgeadais na n-acmhainní daonna ar bhonn na meánchostas arna soláthar ag
an gCoimisiún le húsáid i gcomhair meastachán na n-acmhainní daonna:
Oifigeach agus gníomhaire sealadach: EUR 122 000 in aghaidh na bliana
29
Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na
Gníomhaireachta/nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.
GA 38 GA
Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht: EUR 73 000 in aghaidh na bliana
Gníomhaire conarthach: EUR 64 000 in aghaidh na bliana
8. 2. 6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
2011 2012 2013 IOMLÁN
11 01 02 11 01 – Misin 0.020 0.020 0.020 0.060
11 01 02 11 02 – Cruinnithe Sainghrúpa 0.100 0.100 0.100 0.300
11 01 02 11 03 –
Coiste Comhairleach le cabhrú leis an gCoimisiún chun
na cláir oibre bhliantúla a bhunú dá bhforáiltear in
Airteagal 7(2) den Rialachán lena mbunaítear Clár chun
tacú le tuilleadh forbartha ar Bheartas Muirí
0.035 0.037 0.040 0.112
Comhtháite, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le
hAirteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE
(dhá chruinniú in aghaidh na bliana)
11 01 02 11 04 – Staidéir & comhairliúcháin
11 01 02 11 05 – Córais faisnéise
2 Caiteachas Bainistíochta Iomlán Eile (XX 01
02 11)
3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh
agus cuir isteach tagairt don líne buiséid)
Iomlán an Chaiteachais riaracháin, cé is moite
d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara 0.155 0.157 0.160 0.472
(NACH n-áirítear sa mhéid tagartha)
Déanfar na riachtanais le haghaidh leithreasaí riaracháin a chumhdach laistigh den
leithdháileadh a deonaíodh cheana féin do bhainistiú na gníomhaíochta seo agus/nó a
ath-imlonnaítear laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, arna chomhlánú de réir mar is gá
ag aon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú don AS atá i gceannas faoi
chuimsiú an nós imeachta don leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta
buiséadacha
GA 39 GA
Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha
Is é an Sainghrúpa Breathnóireachta agus Sonraí Muirí a bheidh ag maoirsiú na dtionscadal
eolais mhuirí agus buailfidh siad le chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tá siad ag
déanamh monatóireachta ar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cheana féin, agus bunaíodh an
meastachán ar an taithí ón saothar sin.
Rinneadh an caiteachas do chruinnithe an Choiste Chomhairligh a mheas ar bhonn rialacha an
Choimisiúin i leith an chúitimh a íoctar le saineolaithe.
GA 40 GA